Tá seanchleachtadh againn ar an déanamh agus ar na leaganacha a bhíonn ar mhíonnaí na bliana anseo i gCúige Uladh ach táid tite chun boilg le húsáid. Ba é sin an chúis ar bheartaigh mé na cinn seo a chur i gcionn a chéile, is cinn iad a baineadh as dul cainte na ndúchasach Gaeltachta. Tá an liosta thíos ina eiseamláir shamplach den saibhreas atá linn go fóill, saibhreas atá á úsáid i gCúige Uladh i dtólamh.

An chloch is mó ar mo phaidrín ná na leaganacha a scríobh de réir na foghraíochta ach chan fhuil an cumas sin agam go fóill.

Tá an liosta seo ar fáil daoibh le cur le Gaeilge seo ár linne, ionas go mbeidh siad bríoch agus beathaithe i seomraí ranga na Gaeltachta agus na Galltachta.

An Geimhreadh

Mí na Samhna

Samhain; An tSamhain; Fá Shamhain; Mí na Marbh

Mí na Nollag

Nollaig (SL: Nodlaig); An Nollaig; Fá Nollaig; Mí na Nodlag

Mí Eanáir

Eanáir (SL: Eanar); Mí Eanair (SL); An Chéad Mhí; Mí na Bliana Úire

An Geimhreamh

An tEarrach

Mí Feabhra

Feabhra; Mí na Feabhra; Na Faoilligh; Mí na bhFaoilleach; Mí na Féile Bríde (SL: Mí na Feil’ Brighde); Feil Bríde (LC)

Mí an Mhárta

Márta; An Márta; Mí Mhárta; Mí na nGéag; Mí na Féile Pádraig; Mí Fheil’ Pádraig na bhFeart (LE, 1924); Feil Pádraig (LC)

Mí an Aibreáin

Aibreán; An t-Aibreán; Mí Aibreáin; Mí fá Cháisc (SL: Mí fó Cháisc); Mí na Cásca; Mí na Riabhóige; Mí na nAmadán

An tEarrach

An Samhradh

Mí na Bealtaine

Bealtaine; Beáltaine (SL); An Bhealtaine; Fá Bhealtaine

Mí an Mheithimh

Meitheamh; Mí Mheithimh; An Mhí Mheáin (SL: An Mhí Mheadhoin); Mí Mheáin an tSamhraidh (SL: Mí Mheadhoin…); Mí Lár an tSamhraidh; Mí na Féile Eoin; Feil Eoghain (LC)

Mí Iúil

Iúl; An Mhí Bhuidhe (SL ar ‘Bhuí’); Mí na hIlle; Mí na gCos Buí; Mí na Súl Buí (SL: Mí na Súl Buidhe)

An Fómhar

An Fómhar

Mí Lúnasa

Lúnasa (SL: Lughnasna, Lúghnasa); An Lúnasa (SL: An Lughnasna); Fá Lúnasa; Mí na Féile Muire; Feil Muire (LC); An Chéad mhí d’Fhómhar

Mí Mheán Fómhair

Meán Fómhair (Meadhon Foghmhair — LE, 1940); Márta an Fhómhair (SL: Márta an Fhoghmhair); Mí Mheán an Fhómhair (SL: Mí Mheadhoin an Fhoghmhair); Meán Fómhair (SL: Meadhon Fóghmhair); Mí na Féile Mícheáil (LC: Mí na Feil’ Mícheáil); Feil Micheáil

Mí Dheireadh Fómhair

Deireadh Fómhair; Deireadh an Fhómhair; Mí Dheireadh an Fómhair (SL: Mí Dheireadh an Fhoghmhair); Deire Foghmhair (LE, 1949); Mí an Phaidrín

Noda

SL: Seanlitriú LE: Leagan Eagarthóra An t-Ultach LC: Leagan coitianta ag na hUltaigh

Foinsí

  • Cnuasach Focal as Ros Goill (Lucas, 1986)
  • Coimhréir Ghaedhilg an Tuaiscirt (Ó Searcaigh, 1939)
  • Cruinnscríobh na Gaeilge (Mac Murchaidh, 2004)
  • Eagráin de An t-Ultach (1924–2016)
  • English-Irish Dictionary (De Bhaldraithe, 1959)
  • Focail na nUltach (Mac Murchaidh, 2015)
  • Foclóir Béarla agus Gaedhilge (Mac Cionnaith, 1935)
  • Foclóir Gaedhilge agus Béarla (Dinneen, 1927)
  • Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill, 1977)

Tá mé fíorbhuíoch den Dr Liam Lillis Ó Laoire a thug treoir domh.