Tá seanchleachtadh againn ar an déanamh agus ar na leaganacha a bhíonn ar mhíonnaí na bliana anseo i gCúige Uladh ach táid tite chun boilg le húsáid. Ba é sin an chúis ar bheartaigh mé na cinn seo a chur i gcionn a chéile, is cinn iad a baineadh as dul cainte na ndúchasach Gaeltachta. Tá an liosta thíos ina eiseamláir shamplach den saibhreas atá linn go fóill, saibhreas atá á úsáid i gCúige Uladh i dtólamh.
An chloch is mó ar mo phaidrín ná na leaganacha a scríobh de réir na foghraíochta ach chan fhuil an cumas sin agam go fóill.
Tá an liosta seo ar fáil daoibh le cur le Gaeilge seo ár linne, ionas go mbeidh siad bríoch agus beathaithe i seomraí ranga na Gaeltachta agus na Galltachta.
An Geimhreadh
Mí na Samhna
Samhain; An tSamhain; Fá Shamhain; Mí na Marbh
Mí na Nollag
Nollaig (SL: Nodlaig); An Nollaig; Fá Nollaig; Mí na Nodlag
Mí Eanáir
Eanáir (SL: Eanar); Mí Eanair (SL); An Chéad Mhí; Mí na Bliana Úire
An tEarrach
Mí Feabhra
Feabhra; Mí na Feabhra; Na Faoilligh; Mí na bhFaoilleach; Mí na Féile Bríde (SL: Mí na Feil’ Brighde); Feil Bríde (LC)
Mí an Mhárta
Márta; An Márta; Mí Mhárta; Mí na nGéag; Mí na Féile Pádraig; Mí Fheil’ Pádraig na bhFeart (LE, 1924); Feil Pádraig (LC)
Mí an Aibreáin
Aibreán; An t-Aibreán; Mí Aibreáin; Mí fá Cháisc (SL: Mí fó Cháisc); Mí na Cásca; Mí na Riabhóige; Mí na nAmadán
An Samhradh
Mí na Bealtaine
Bealtaine; Beáltaine (SL); An Bhealtaine; Fá Bhealtaine
Mí an Mheithimh
Meitheamh; Mí Mheithimh; An Mhí Mheáin (SL: An Mhí Mheadhoin); Mí Mheáin an tSamhraidh (SL: Mí Mheadhoin…); Mí Lár an tSamhraidh; Mí na Féile Eoin; Feil Eoghain (LC)
Mí Iúil
Iúl; An Mhí Bhuidhe (SL ar ‘Bhuí’); Mí na hIlle; Mí na gCos Buí; Mí na Súl Buí (SL: Mí na Súl Buidhe)
An Fómhar
Mí Lúnasa
Lúnasa (SL: Lughnasna, Lúghnasa); An Lúnasa (SL: An Lughnasna); Fá Lúnasa; Mí na Féile Muire; Feil Muire (LC); An Chéad mhí d’Fhómhar
Mí Mheán Fómhair
Meán Fómhair (Meadhon Foghmhair — LE, 1940); Márta an Fhómhair (SL: Márta an Fhoghmhair); Mí Mheán an Fhómhair (SL: Mí Mheadhoin an Fhoghmhair); Meán Fómhair (SL: Meadhon Fóghmhair); Mí na Féile Mícheáil (LC: Mí na Feil’ Mícheáil); Feil Micheáil
Mí Dheireadh Fómhair
Deireadh Fómhair; Deireadh an Fhómhair; Mí Dheireadh an Fómhair (SL: Mí Dheireadh an Fhoghmhair); Deire Foghmhair (LE, 1949); Mí an Phaidrín
Noda
SL: Seanlitriú LE: Leagan Eagarthóra An t-Ultach LC: Leagan coitianta ag na hUltaigh
Foinsí
- Cnuasach Focal as Ros Goill (Lucas, 1986)
- Coimhréir Ghaedhilg an Tuaiscirt (Ó Searcaigh, 1939)
- Cruinnscríobh na Gaeilge (Mac Murchaidh, 2004)
- Eagráin de An t-Ultach (1924–2016)
- English-Irish Dictionary (De Bhaldraithe, 1959)
- Focail na nUltach (Mac Murchaidh, 2015)
- Foclóir Béarla agus Gaedhilge (Mac Cionnaith, 1935)
- Foclóir Gaedhilge agus Béarla (Dinneen, 1927)
- Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill, 1977)
Tá mé fíorbhuíoch den Dr Liam Lillis Ó Laoire a thug treoir domh.