Sa samhradh 2016, d’fhág beirt a bhí i gcroílár phobal na Gaeilge i gColáiste Phádraig slán lena bpostanna: an tOllamh Máirín Nic Eoin, a ceapadh ina léachtóir i Roinn na Gaeilge i 1981 agus a bhí ina Ceann Roinne ó 2008 go 2013; agus Máire Ní Uiginn, a bhí ina Riarthóir ar an roinn ó dheireadh na 1990idí i leith. Labhair Anna Heussaff leo do Scáthán.

Máirín: Is cuimhin liom go raibh ócáid ar siúl sa seomra caidrimh go han-luath tar éis dom tosú sa phost. Bhí ceol agus rince ann agus d’iarr mac léinn orm dul amach ag rince. Shíl sí gur mhac léinn mé agus tharlaíodh sin minic go leor sna blianta tosaigh! Is dócha gur 23 bliain d’aois a bhí mé nuair a thosaigh mé.

Máire: An chéad lá dom san oifig, ní raibh ríomhaire ar bith ann agus cheap mé, buíochas mór le Dia! Bhí mé in ann clóscríobh a dhéanamh ach ní raibh eolas beag ná mór agam ar ríomhairí. Ach an darna maidin, bhí an ríomhaire ar an deasc romham agus bhí siad ag caint ar ríomhphostanna agus an lingo seo ar fad, agus bhí mé scanraithe, scanraithe amach is amach. Ach i ndáiríre, tháinig mé isteach air an-éasca. Agus cé nach raibh an post uaim i ndáiríre, nuair a thosaigh mé air, tháinig faitíos mo chroí orm nach gcuirfidís glaoch orm le teacht ar ais tar éis an tsamhraidh.


Is as Baile Átha Cliath do Mháirín Nic Eoin. Bhain sí amach céim sa Ghaeilge agus sa Tíreolaíocht i gColáiste na hOllscoile, BÁC, agus ansin dioplóma san oideachas agus máistreacht sa Ghaeilge. Bhí bliain caite aici ina múinteoir i bPobalscoil Bhaile an tSaoir nuair a fuair sí an post i gColáiste Phádraig.

Is as Camus i gConamara do Mháire Ní Uiginn. Rinne sí cúrsa tráchtála tar éis di an scoil a fhágáil agus bhí postanna aici sa státseirbhís, le Gael Linn, le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus le Chrysler. Bhí seal blianta caite aici i mbun cúraimí clainne sa bhaile nuair a fuair sí an post i gColáiste Phádraig.

Máire: Is éard is mó a chuaigh i gcion orm sa choláiste ná chomh láidir is a bhí an Ghaeilge. Ba muid an roinn is mó sa choláiste agus nuair a théadh muid chuig an seomra foirne, muid ag cabaireacht is ag caint, bhíodh daoine eile ann i gcónaí a raibh Gaeilge acu. Agus na mic léinn, chomh cineálta agus chomh lách is a bhí siad, chuaigh sin i gcion orm. Ní dóigh liom gur tháinig mac léinn riamh go dtí mé a raibh gearán acu, nó má tháinig, bhí sé éasca go leor plé leis.

Máirín: Cinnte, bhí sé i gcónaí an-phléisiúrtha bheith ag plé leis na mic léinn. Mic léinn oideachais ar fad a bhí ann nuair a thosaigh mé agus gan iad chomh líonmhar is atá anois, agus d’fhéadfá aithne cheart a chur orthu. Chuaigh spiorad na roinne i gcion orm freisin, bhí sé an-spreagúil agus d’fhoghlaim mé go leor ó mo chomhghleacaithe sna blianta tosaigh. Rud eile a thaitin liom ná go raibh neart teagmhála againn le daoine sna ranna eile. B’aon fhoireann amháin a bhí i gceist agus aon mhisean amháin againn.

Grianghraf grúpa
Ar chlé, barr: Máirín, Éamon Ó Deagha agus Alan Titley ag léiriú a rinne Éamon (mac léinn sa 3ú bliain) ar an drama Fornocht do Chonac (1984); Ar dheis, barr: Bronnadh dochtúireachtaí ar Bhríona Nic Dhiarmada agus ar Mháirín Nic Eoin (1996); Ar chlé, bun: Máirín, Roibeárd Mac Góráin, Rita Kelly agus Donncha Ó Súilleabháin ag ócáid seolta Eoghan Ó Tuairisc, Beatha agus Saothar (1988); Ar dheis, bun: Máirín lena tuismitheoirí Tomás agus Áine, agus a fear céile Barry, nuair a bronnadh Duais Liteartha an Irish Times ar Mháirín (1999).

Thaitin sé go mór liom bheith i suíomh ina raibh an Ghaeilge mar chuid nádúrtha den lá oibre. Ba ionad oibre an-dátheangach a bhí ann, le fírinne, ó thaobh dea-chleachtais maidir le teagmháil le daoine, na lipéid timpeall na háite, an cháipéisíocht agus go leor eile. Nuair a tharla sé i bhfad ina dhiaidh sin go raibh daoine ag caint ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus ar scéimeanna teanga, bhuel, bhí na rudaí sin ag Coláiste Phádraig sna 1980idí.

Ní raibh aon deighilt i Roinn na Gaeilge idir an saol acadúil agus an saol lasmuigh den choláiste. Bhíodh baill foirne na Roinne rannpháirteach in iliomad rudaí timpeall na tíre—éigsí, féilte, Oireachtais, gach aon sórt. Bhí daoine ag scríobh úrscéalta agus filíocht chomh maith le bheith ag foilsiú ábhair acadúil; bhí ceoltóirí againn agus bhí na healaíona á gcleachtadh. Bhain léann na Gaeilge lenár saol féin agus bhí daoine sa Roinn ag tógáil clainne le Gaeilge, ag bunú gaelscoileanna agus ag gníomhú mar chuid de phobal níos leithne.

Máire agus Dáithí Mac Éinrí
Máire agus Dáithí Mac Éinrí, mac léinn agus peileadóir le Baile Átha Cliath (2011)

Máire: Bhí suim againn sna rudaí céanna. Agus an saibhreas sin a bhí againn agus muid ag teacht ó áiteacha éagsúla, Ciarraí, Tír Chonaill, Conamara—saol na hÉireann fite fuaite le saol na Roinne.

Caithfidh mé a rá gur bhain mé an-taitneamh as an bpost, ag obair as lámh a chéile, ag tacú le chéile. Ní bheifeá in ann é a dhéanamh seachas sin, de réir mar a d’éirigh an roinn chomh mór. Cinnte, ní raibh aon lá gur dhúisigh mé ar maidin go ndúirt mé nach raibh fonn orm m'aghaidh a thabhairt ar Dhroim Conrach. Agus nuair a thabharfá aghaidh air, ní bheadh a fhios agat cad a bheadh romhat!


Tháinig forás mór ar an gcoláiste idir na 1980idí agus 2016, agus méadú ar líon na mac léinn ó thart ar 400 go 2,000 san iomlán. Bunchéim san oideachas a bhí ar siúl acu go léir go dtí na 1990idí: ansin tosaíodh ar chúrsaí B.A. agus ina dhiaidh sin ar chúrsaí iarchéime. Tháinig méadú ar líon na mac léinn lánfhásta agus bhí níos mó éagsúlachta i gcúlraí na mac léinn; agus leathnaigh na tuiscintí agus na seirbhísí do mhic léinn a raibh riachtanais tacaíochta ar leith acu. Méadú i bhfad níos lú a tháinig ar líon na foirne lánaimseartha, áfach: ó sheachtar go deichniúr i Roinn na Gaeilge, rud a d’fhág dúshláin mhóra ag gach leibhéal, fiú agus tacaíocht acu ón bhfoireann mhór pháirtaimseartha.

Máire: Is dócha an rud ba dúshlánaí ná ag deireadh na bliana nuair a bhí tú ag cur na dtorthaí ar fad le chéile. B’fhéidir nach mbeadh agat ach deich lá agus na píosaí seo go léir le cur le chéile: Páipéar 1, Páipéar 2, Páipéar 3, scrúdú cainte, fillteán foghlama, measúnú leanúnach, agus iad sin ar fad a chur chuig Oifig an Chláraitheora do 2,000 mac léinn. 

Cinnte, bheadh sé ar do choinsias, meas tú ar chuir mé síos an rud ceart? So bhíodh seiceáil agus athsheiceáil ann, agus mearbhall agus rudaí caillte agus rudaí leagtha in áit éigin eile. Agus b’fhéidir Roinn B de pháipéar scrúdaithe imithe amú, rud a tharla uair amháin! Ní déarfaidh muid a thuilleadh faoi ach thángamar as!

Ansin bheadh lear mór boscaí id’ oifig, agus bí dearfa cinnte nuair a bheidh tú ag cur páipéir scrúdaithe le chéile, bandaí leaisteacha a bheith agat­—mar chaillfeá beart amháin ach ní chailleann tú riamh beart mór. Is minic a thug mé stuif abhaile le haghaidh iad a shuimiú. Ach fós bhain mé an-sásamh as, caithfidh mé a rá.

Máire Ní Uiginn agus Máire Ní Bhaoill
Máire Ní Uiginn agus Máire Ní Bhaoill ag ócáid oscailte na teanglainne ar champas Phádraig (2009)

Máirín: Is é an rud is mó a chuir iontas orm faoi Mháire ná an chaoi a mbíodh sí in ann ainmneacha na mac léinn a choinneáil—fiú nuair a chuaigh an córas i dtreo scrúduithe dí-ainm, an chaoi a gcoinníodh sí na mionsonraí sin ina cuimhne, in ainneoin na céadta mac léinn a bheith i gceist. Agus an chaoi a ndéileáladh sí go pearsanta le daoine. Bhí sí chomh heagraithe agus fós bhí an teagmháil phearsanta sin aici a bhí chomh riachtanach.

Máire: Go raibh maith agat, a Mháirín!

Máirín: Tá an oifig an-tábhachtach mar gurb é sin aghaidh na Roinne agus an pointe teagmhála do mhic léinn, agus d’fheidhmigh an oifig ar a lán leibhéal, ina bosca faoistine agus gach aon sórt! Bhí Máire iontach maith ag coinneáil daoine ar bord agus ag áiteamh orthu…

Máire: …Sea, áiteamh! Iad a mhealladh, a rá b’fhéidir dá ndéanfá ar feadh coicíse é agus go bhfaighimid duine eile faoin am sin, ach ag súil nuair a bhfaighfeá isteach an doras iad nach n-imeoidís!  

Máirín: Rud eile atá tábhachtach ná an fhoireann ollmhór a bhí páirteach in obair Roinn na Gaeilge. Bhí an mheitheal bheag ann, an mheitheal pháirtaimseartha, a chuidíodh leis an teagasc agus ba chuid den Roinn iad siúd agus ní fhéadfaí an obair a dhéanamh gan iad. Agus ansin bhíodh an mheitheal mhór a thagadh isteach nuair a bhíodh agallaimh agus scrúduithe cainte ar siúl. Agus bhí Máire an-tábhachtach maidir leis an dá mheitheal sin, iad a choinneáil ag teacht agus an obair ar fad a bhain leo a eagrú.

Máire: Ba chuid den chlann iad agus bhainidís an-sásamh as. B’fhéidir nach bhfaca cuid acu a chéile le sé mhí anuas, agus cuid a bhí ar an gcoláiste le chéile, so bhíodh caint agus comhrá agus cúiteamh. Agus níl bealach ar bith go bhféadfá 500 scrúdú cainte a dhéanamh taobh istigh de lá amháin murach an mheitheal mhór sin. Agus deiridís, a Mháire, cén fáth go bhfuil orainn tosú chomh luath ar maidin, agus deirinnse, má thosaímid ag leathuair tar éis a hocht beimid críochnaithe ag a dó a chlog!


Tá gradam agus aitheantas bainte amach le fada ag an Ollamh Máirín Nic Eoin mar scoláire, mar údar agus mar chriticeoir ar chúrsaí cultúir. I mí Bealtaine 2016, toghadh í mar bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann. I measc a cuid leabhar tá Eoghan Ó Tuairisc: Beatha agus Saothar (Clóchomhar 1988), B’Ait Leo Bean (Clóchomhar 1998), Trén bhFearann Breac (Cois Life 2005), Ar an gCoigríoch (mar aon le hAisling Ní Dhonnchadha, CIC 2008) agus Gaolta Gairide (Cois Life 2010).

Máirín: Bhraitheas i gcónaí go raibh an t-ádh liom go raibh mé i Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig ó thaobh an taighde agus na scoláireachta, mar go raibh an traidisiún sin chomh láidir sa choláiste. Bhí sé á dhéanamh ag na comhghleacaithe ní ba shinsearaí agus ní raibh le déanamh ach a sampla a leanúint. Bhí Stiofán Ó hAnnracháin sa choláiste nuair a thosaigh mé ann agus b’eisean príomheagarthóir an fhoilsitheora An Clóchomhar. Don léachtóir óg Gaeilge, ba chosúil é le léachtóir óg Béarla ag dul ag obair i roinn ina raibh fáil acu ar eagarthóir sinsearach Oxford University Press—an duine sin a bheith ar an láthair le cuidiú leo a gcéad leabhar a chur amach.  

Is ábhar ceiliúrtha é cinnte nuair a fhoilsítear leabhar liomsa agus leabhair le comhghleacaithe. Bíonn obair mhór mhillteach taobh thiar de agus is buaicphointí iad na hócáidí seolta. Ó na 1990idí i leith freisin, cuid mhaith de sin a bhuíochas leis an nasc le DCU, cuireadh struchtúr tacaíochta ar fáil don obair scolártha: ceapadh Déan Taighde agus bhí maoiniú ann le haghaidh comhdhálacha agus deis ann cur isteach ar shaoire shabóideach.

Ag an am céanna, bhí an-bhéim i gcónaí ar an teagasc i gColáiste Phádraig, mar smaoinigh gur ábhar oidí a bhí os ár gcomhair, daoine a bhí ag foghlaim na ceirde iad féin agus a bhí an-chriticiúil dá réir sin. Agus cuimhnigh go raibh an-chuid daoine ar an bhfoireann a chaith na blianta i seomraí ranga bunscoile agus meánscoile. So bhí an bhéim sin ann agus tá i gcónaí, ach cinnte tá sé deacair an dá thrá a fhreastal.

An dúshlán is mó a bhraith mé ón tús, dáiríre, ná freastal ar riachtanais foghlama na mac léinn. Bhíodh speictream cumais ann i gcónaí ó thaobh na Gaeilge, daoine le Gaeilge den scoth agus daoine eile a bhí ag streachailt. Bhí muid buartha i gcónaí go háirithe i gcás na mac léinn B.Oid nach raibh Gaeilge acu mar speisialtóireacht, mar bheadh siad ag dul amach mar mhúinteoirí Gaeilge i ndeireadh thiar. Bhraith mé i gcónaí nár éirigh linn freastal ar na riachtanais sin mar ba mhaith linn agus d'éirigh an dúshlán sin ní ba dhéine de réir mar a chuaigh líon na mac léinn in airde, ar ndóigh.

Nuair a éiríonn go maith le mic léinn, bíonn gach duine an-sásta leis sin. Bhí cúpla bliain ann nuair a fuaireamar maoiniú beag ó Fhoras na Gaeilge a chuir ar ár gcumas duaiseanna a thabhairt do na mic linn ab fhearr a rinne dul chun cinn i rith na bliana a bhí caite. Agus uaireanta d’fhaigheadh daoine duais nach raibh ag barr an ranga ach go bhfaca tú iad ag baint an-leasa as na hacmhainní a cuireadh ar fáil dóibh. Chuirfeadh sin an-áthas ort.

Máirín agus a hiníon, Líadan
Máirín agus a hiníon, Líadan, tráth ar toghadh Máirín ina ball d’Acadamh Ríoga na hÉireann (2016)

Máire: Sea, an rud is mó a chuir bród ormsa ná gur éirigh linn freisin na B.A.s a chur chuig an Acadamh ar an gCeathrú Rua i gConamara agus cuid den chostas sin a íoc dóibh. Bhídís ag teacht chuig mo dhoras ag iarraidh dul ann, ag cur a n-ainmneacha síos, agus d'éirigh go hiontach leo. Ach faraor nár éirigh linn iad ar fad a chur ann ón gcéad bhliain ar aghaidh, agus ar feadh coicíse in áit seachtaine.

Cuid acu, níor thuigeadar roimhe sin go raibh an ceantar seo ann agus Gaeilge ar fad á labhairt ag an bpobal. Thagaidís ar ais agus deiridís chomh mór is a thaitin sé leo. Chuaigh sé i bhfeidhm orthu freisin chomh maith is a bhí muintir an tí leo. Fanfaidh sé sin leo go deo.

Máirín: Cuireann sé gliondar ort nuair a fheiceann tú mar a théann rudaí i bhfeidhm orthu. Bhí roinnt mic léinn thar na blianta a chuaigh isteach chuig Raidió na Life, ag obair go deonach ann, tar éis dóibh cloisteáil faoi i léacht.

Scéilín eile ná ón lá oscailte a bhí ann cúpla bliain ó shin, nuair a thagann daltaí meánscoile isteach le heolas a fháil faoi na cúrsaí céime. Bíonn seastán ag gach roinn agus bhí grúpa mac léinn Gaeilge ar dualgas linn ar an seastán, mar a bhíonn gach bliain. Tháinig an grúpa seo chugam roimh ré agus mhol siad na leabhair a bheadh le léamh ar an gcúrsa a thabhairt leo le taispeáint do na daltaí. Shíl mé go raibh sin iontach, ní smaoineoinn féin air sin agus shilfeá gur chuid den phobal acadúil na mic léinn sin. Ní raibh a gcúrsa féin críochnaithe acu ach bhídís i gcónaí eiseamláireach mar ambasadóirí don choláiste agus don Ghaeilge.

Deirdre Nic Mhathúna, Máire Ní Bhaoill, Máirín Nic Eoin
Oscailt na teanglainne: Deirdre Nic Mhathúna, Máire Ní Bhaoill, Máirín Nic Eoin (2009)

Máire: Tuigimid freisin go mbíonn an-stró ar a lán de na mic léinn. Bíonn postanna acu ar fad ag an deireadh seachtaine. So bíonn siad sa choláiste ceithre lá na seachtaine agus ansin imíonn siad ar bhus Mhaigh Eo nó bus Thír Chonaill le haghaidh post an tSathairn nó an Domhnaigh. Teastaíonn an t-airgead uathu, sin é bun agus barr an scéil.

Máirín: Tá an clár teagaisc an-lán, go háirithe ag na mic léinn oideachais. De réir mar atá tuiscintí ar ghairm an mhúinteora ag athrú, tá cúrsaí le déanamh acu nach raibh ann ar chor ar bith 30 bliain ó shin, rud a chuireann an-bhrú ar a gcuid ama. Fágann sin freisin go bhfuil an Ghaeilge mar chuid níos lú den iomlán ná mar a bhí riamh.


Ceapadh Máirín Nic Eoin ina hOllamh Emeritus le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath le déanaí agus tá oifig aici ar champas na Naomh Uile. Cailleadh fear céile Mháire Ní Uiginn, Michael, i mí na Samhna 2015, tar éis tréimhse ghairid tinnis; tá beirt gharpháistí óga aici a dtugann sí aire dóibh dhá lá sa tseachtain. Ó d’éirigh sí féin agus Máirín as a bpostanna, tá nasc láidir á choimeád acu le pobal Fiontar agus Scoil na Gaeilge agus na hollscoile.

Máire: Cinnte, tá súil le Dia agam nach ndéanfaidh siad dearmad orm—agus aon seoladh leabhar, aon soirée, aon chóisir a bheas ar siúl, beidh mé sásta bheith ann! Ní bheidh aon leithscéal agam, agus cinnte, tá daoine i dteagmháil liom maidir le himeachtaí IMRAM, féile an Oireachtais is mar sin de.

Máire Ní Uiginn agus cairde
Máire, a céile Michael (nach maireann), Rhona Ní Chearbhaill, Ríona Nic Congháil agus Máirín ag bainis Rhona (2015)

Máirín: Is dóigh liom go bhfuil an t-ádh leis an duine atá ag obair sa saol acadúil nach stopann tú, dáiríre, nuair a éirionn tú as do phost. Bíonn mo pháistí á rá liom, a mham, bíonn tú i gcónaí ag obair, mar nach bhfuil an deighilt sin ann idir an lá oibre agus an tráthnóna nó an oíche. Agus beidh mé ag súil leanúint ar aghaidh leis an léamh agus an scríobh agus le cúnamh Dé leis an bhfoilsiú go ceann roinnt blianta eile, cinnte. Ach nílim á rá gur chóir do dhaoine dul ar aghaidh go brách!

Bíonn an oiread imeachtaí ar siúl anois i saol na Gaeilge go mbíonn sé deacair freastal orthu, go háirithe nuair a bhíonn post an-lánaimseartha agat. Tá mé ag súil, mar sin, go mbeidh níos mó ama agam le freastal ar dhrámaí agus imeachtaí eile. Agus an nasc a choinneáil, cinnte—is minic a d'éirigh daoine as a bpost sa choláiste a thagadh ar ais ag teagasc agus ag déanamh agallaimh iontrála agus jabanna eile. So glacaim leis go mbeidh an doras ar oscailt!

Ní aireoidh mé uaim an strus a bhaineadh le fíorthús agus fíordheireadh na bliana—b'in iad na tréimhsí ba mhó strus, ag iarraidh an seó a chur ar an mbóthar, an t-ullmhúchán chuige agus ansin na ceartúcháin agus na torthaí scrúduithe. Ach aireoidh mé uaim tús an téarma, nuair a bhíodh na mic léinn ar ais agus na chéad léachtaí ar siúl.

Máire: Tá mise breá sásta am a bheith agam dom féin anois seachas bheith ag rith is ag rásaíocht. Mar sin a bhíodh i gceist, ag iarraidh ranganna teagaisc agus a lán eile a shocrú ag tús na bliana.

Baill foirne
Cuid de bhaill foirne Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig, mar a bhí ag an am (2008)


Tá Fiontar agus Scoil na Gaeilge tagtha ar an bhfód mar chuid den ionchorprú a cuireadh i gcrích i mí Dheireadh Fómhair 2016 idir Coláiste Phádraig agus Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, mar thoradh ar phróiseas a bhí sách fada agus corrach ar gach taobh.

Máirín: Tógfaidh sé tamall aonad nua a chruthú ach is dóigh liom go mbeidh todhchaí iontach i ndán don scoil nua, ag cur san áireamh líon na ndaoine atá ann agus an oiread sin éagsúlachta atá sna réimsí speisialtóireachta agus sa taithí atá acu.

Guím gach rath orthu, beidh dúshláin ann cinnte ach tá súil agam go n-éireoidh leis an ollscoil an dátheangachas a bhí i gColáiste Phádraig a chaomhnú agus a fhorbairt, agus go mbeidh sin i gceist ar na campais ar fad—nach mbeidh an Ghaeilge díreach taobh istigh d'aonad amháin ach go mbeidh sí ar na campais ar fad agus fite fuaite i saol na hollscoile. Bheinn buartha go háirithe nach mbeadh sí chomh lárnach i gcúrsaí oideachais agus a bhíodh. Agus an cultúr sin a raibh muid ag caint air níos luaithe, a bhain le dea-chleachtais dátheangach, tá an-deis anois an méid sin a chur i bhfeidhm. Nuair atá an-chuid athruithe ag tarlú, sin an t-am le rudaí a fhorbairt.

Tá súil agam freisin go mbeidh an chomhpháirtíocht sin ann a bhí riamh, agus an scoil nua ag obair i bpáirt le haonaid eile seachas a bheith scoite amach nó imeallach ar aon bhealach.

An chuimhne is mó ar fad atá agam ná an cairdeas agus an chomhghleacaíocht—agus an chraic a bhí againn le fírinne, inár roinn féin agus le daoine sna ranna eile, togha na gcomhghleacaithe ar oibrigh muid leo i gcaitheamh na mblianta. Bhíodh craic againn i Roinn na Gaeilge gan aon amhras, agus níos mó cóisirí, is dócha, ná mar a bhí ag aon aonad eile sa choláiste. Bhí chuile dhuine in ann amhrán a chasadh dá mba ghá nó rud éicínt eile a dhéanamh ag cóisir.

Máire: Bhí muid go maith ag na cóisirí ceart go leor! Pé scléip a bhí ann, dhéanadh muid iarracht a bheith ann, le feadógaí agus le cláirseachaí agus le giotáir agus le glór agus le steip! Bhí muid in ann an dá rud a dhéanamh, spraoi agus deoch a bheith againn agus gan aon fhaitíos orainn roimh an obair ach an oiread, rud a rinne muid go fial flaithiúil.

Máirín: Guímse agus guímid beirt gach rath ar Chiarán Mac Murchaidh go háirithe. Bhí sé i gColáiste Phádraig agus ansin bhí sé in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus tá mise ag súil leis an lá anois go luath go dtógfaidh sé amach an phíob mhór agus go gcasfaidh sé port—agus tosóidh gach duine ag máirseáil agus ag ceiliúradh thart ar na Naoimh Uile, agus an chraic sin againn a bhí riamh anall!

Máire Ní Uiginn ina hoifig