“Réidh don éirí… ag comhaireamh síos…”

A deich, a naoi, a hocht, a seacht, a sé… las na hinnill… a cúig, a ceathair, a trí, a dó, a haon… táimid éirithe den talamh!”

Lasracha oráiste geala. Deatach trom liath. Fuaim thréan chumhachtach na n-inneall. Brúitear an roicéad go ceartingearach san aer. Scamall ollmhór bán ag scaipeadh óna bhun agus an roicéad ag dreapadh níos airde agus níos airde sa spéir. Ag taisteal níos faide agus níos faide ón talamh le chuile shoicind. Na foirgnimh ag éirí níos lú agus níos lú. An roicéad ag croitheadh go bríomhar. Ag dul suas, suas, suas san atmaisféar.

An croitheadh ag éirí níos measa agus é ag dul níos airde i dtreo an chiseal ózóin. An domhan thíos cosúil le léarscáil mhór anois, mar a bhíonn sa seomra ranga. An talamh glas scartha ó na farraigí móra. An solas nádúrtha taobh amuigh ag lagú agus ag lagú.

Tríd an gciseal ózóin. An croitheadh ag laghdú agus ag laghdú. Fuaim na n-inneall agus fuaim an chroite ag ísliú chomh maith. Ansin, dorchadas … ach scaipthe ar fud an dorchadais, ar nós soilsí beaga sa spéir, na réaltaí ag lonrú go geal agus na pláinéid dhifriúla le feiceáil.

“A Sheáin,” arsa an glór. “A Sheáin!”

Lean an roicéad ar aghaidh i dtreo a chinn scríbe: an ghealach. A dhromchla geal bán i gcodarsnacht leis an spéir dhorcha dhubh timpeall air.

“A Sheáin! Nár chuala tú mé?” arsa an glór.

“Cad é, a Mhamaí?” a d’fhreagair Seán.

“Cuir an buidéal amaideach sin síos anois agus tar isteach láithreach bonn i gcomhar do dhinnéir,” a d’ordaigh sí, “Tá sé ag éirí fuar.”

“Ach, a Mhamaí táim ar tí tuirlingt ar an ngealach,” arsa Séan agus cuma dhíomách air.

“Ach, a Sheáin, caithfidh spásairí féin a ndinnéar a ithe,” arsa Mamaí agus meangadh beag gáire ar a haghaidh.

Agus leis sin rith Seán ón ngairdín chuig cúldoras an tí áit a raibh a Mhamaí ina seasamh. Bhain sé a chlogad spáis de agus chuir sé é in aice leis an gcuid eile dá fheisteas iománaíochta. Chroch sé suas a chulaith spáis ar cheann de na crúcaí ar an mballa leis na cótaí eile. Ansin bhain sé na buataisí spásaire de agus chuir sé iad in aice lena bhuataisí báistí sa seomra fóntais.

“Táim ag teacht, a Mhamaí!”

Chuir sé an roicéad ar an talamh taobh istigh den doras réidh chun taisteal sa spás arís an lá arna mhárach.

Comhbhuaiteoir, 2ú Duais

Scéal do pháistí