Fadó fadó, d’fhreastail mé ar Scoil Lorcáin, bunscoil lán-Ghaelach a bhunaigh buíon tuismitheoirí sa bhliain 1952. Fiontraithe sóisialta a bhí iontu i gan fhios dóibh. D’aithin siad nach gcuirfeadh an Roinn Oideachais oideachas trí mheán na Gaeilge ar fáil dá bpáistí mura dtabharfadh siad faoin tionscadal iad féin. D’fhéadfaí a rá go bhfaca siad bearna sa mhargadh. Murach iad agus na sluaite eile tuismitheoirí fud fad na tíre ó shin, ní bheadh 180 Gaelscoil lasmuigh den Ghaeltacht ag freastal ar 41,000 dalta againn anois. Ní bheadh an 48 Gaelcholáiste ag freastal ar 11,000 dalta againn.

Bhí spéis i gcónaí agam i ndaoine a thug a ndúshlán don status quo agus a thug orthu féin leigheas a fháil ar fhadhb shóisialta éigin. Is chuige sin a tháinig mé ag obair in Fiontar ag léachtóireacht sa bhfiontraíocht. Thaitin sé liom go raibh oideachas i gcúrsaí gnó, airgeadais, fiontraíochta agus ríomhaireachta ar fáil trí mheán na Gaeilge. Anois bíonn an deis ag mic léinn in Fiontar agus Scoil na Gaeilge staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge í fhéin i gcomhar leis na hábhair sin.

Chomh maith leis an léachtóireacht, bainim an-sásamh as a bheith ag obair mar mheantóir le mic léinn ar fud na hollscoile atá páirteach sa chumann Enactus. Is clár traenála agus comórtas idirnáisiúnta é Enactus atá ag feidhmiú i suas le 40 tír ar fud an domhain—ón Asairbaiseáin go dtí an Úcráin agus ón Astráil go dtí an tSiombáib. Ó thosaigh Enactus anseo i bPoblacht na hÉireann, cúig bliana ó shin, bhuaigh DCU Craobh na hÉireann trí huaire agus bhain mé an-sásamh go deo as taisteal go Corn Domhanda Enactus in Washington DC, Cancún agus Toronto. Fuair na mic léinn deis den scoth foghlaim óna gcomhpháirtithe ar fud an domhain réiteach nuálaíoch a chur i bhfeidhm ar fhadhb shóisialta dá rogha féin.

Enactus Toronto
Foireann na hollscoile in Toronto, 2016

Sampla de na tionscadail a d’fhorbair Enactus DCU ná Headstarts—ceardlanna seachtainiúla sna healaíona do dhaoine óga faoi mhíchumas intleachtúil. Gach oíche Mháirt le linn an tseimeastair, tagann suas le 30 ‘Headstartist’ go campas DCU le páirt a ghlacadh i rince, drámaíocht agus físealaíon. Is minic go mbíonn an líon céanna mac léinn ag cabhrú leis na ‘Headstartists’, de bharr go mbaineann siad féin an oiread sin sásaimh as na seisiúin! Is é Liam Redmond, BA Gnó agus Gaeilge 2013, a cheap an smaoineamh tar éis dó na blianta a chaitheamh ag obair leis na hOilimpicí Speisialta ina bhaile dúchais. Ní raibh spéis dá laghad aige i spórt ach bhain sé an-taitneamh as a bheith ag obair leis na daoine faoi mhíchumas. D’oibrigh sé ar an tionscadal mar chuid dá mhodúl Bunú Fiontair; agus tá sé ag obair le Enactus Éireann anois ag cur comhairle ar mhic léinn Enactus ar fud na tíre.

Headstarts
Headstartists Enactus

Tionscadal eile a chabhraigh linn Craobh na hÉireann a bhuachan anuraidh ná Prison Break, ina raibh fear a chaith seal sa phríosún agus a cháiligh ina dhiaidh sin mar thraenálaí pearsanta i mbun campaí aclaíochta (nó ‘bootcamp’) amuigh faoin aer do mhic léinn DCU. I mbliana tá na mic léinn ag obair ar thionscadail i gcomhar le Camphill Communities—ag cabhrú leo margadh níos mó a chruthú dá dtáirgí lámhdhéanta.

Má bhíonn spéis agat páirt a ghlacadh san fhiontraíocht shóisialta seo le Enactus DCU, nó má bhíonn smaoineamh agat féin ba mhaith leat a phlé leo, is féidir teagmháil a dhéanamh leo trí Facebook, nó sin, labhairt le Deirbhile Ní Chathail, mac léinn sa dara bliain atá páirteach i mbliana. Cá bhfios ach gur tusa a bheidh linn ag an gCorn Domhanda an fómhar seo chugainn!