Aerfort Bhaile Átha Cliath; maidin fhuar. Ar oscailt gach mí sa bhliain, gach lá sa tseachtain, gach uair sa lá. Ballaí bána. Táim i mo shuí i gcúinne ciúin, ag ithe sceallóga agus ag féachaint amach ar na daoine. Clanna ag argóint. Páistí ag caoineadh. Mic léinn ina gcodladh in aice leis na staighrí, ar nós corpán.

An bhfuil gach duine anseo ag dul abhaile? Nó an bhfuil siad ag éalú on oileán seo? Cuirim síos an sceallóg atá i mo lámh agus seasaim suas. Cad fúmsa? Éalú? Mise?

Na ballaí bána timpeall orm. Timpeall, timpeall, gan éalú, i gcónaí gan aon seans. Bás, bás sa talamh, bás sa spéir. Braitheann mo chosa lag agus suím síos arís. Cuirim mo lámh ar m’éadan. Táim ag cur allais.

“An bhfuil tú críochnaithe?”

Fear le tráidire lán de bhia. Bean in aice leis.

“Tá brón orainn ach níl aon bhord eile saor… an bhfuil tú ag imeacht?”

“Táim… táim…” a fhreagraím agus piocaim suas mo thráidire. Bhí mé críochnaithe. Nuair atá tú críochnaithe, imíonn tú. Imím.

Seomra folctha, an ceann céanna atá i ngach uile aerfort: triomadóir glórach, scáthán salach, stalla amháin dúnta. Smáileog mascára faoi mo shúil chlé. Socraím an masc. Meascann an t-uisce te agus an t-uisce fuar le chéile sa doirteal agus síos leo le chéile. Síos, síos sa talamh agus ar ais go dtí lár na tíre, é le glanadh agus le húsáid arís. Anuas ’s aníos ’s arís ’s arís ’s arís. Ó dhubh go dubh. Maidin go hoíche. Gach lá sa seachtain, gach mí sa bhliain. Athraíonn uisce i gcónaí, go hoighear ’s ceo, ach is uisce é fós.

Seasca faoin gcéad uisce, ach nuair a chuireann tú daoine sa talamh, cailleann siad uisce go sciobtha. Boladh uisce beatha taobh thiar den doras ag cúl an tseomra. Déanaim iarracht meangadh gáire a dhéanamh sa scáthán ach is bréag é, gan dabht.

“Eibhlín! Cá raibh tú? Tá an t-eitleán ag imeacht i gceann deich nóiméid!”

Seán atá ann, ag caitheamh éide ghorm oibre, mo dhála féin.

“Tá brón an domhain orm. Tharla… rud éigin.”

“Ní bhíonn tú déanach rómhinic, a Eibhlín… Rud éigin?”

Ní fhreagraím.

Scuaine fhada, ag dul síos an dorchla cúng. Tá na ballaí róchóngarach dá chéile. Tógaim anáil fhada dhomhain. Isteach… Táim ag dul síos an staighre. Amach… Cloisim daoine ag caint agus ag gáire. Isteach… Ag bun an staighre agus anois… amach. Amach ar an rúidbhealach, an spéir scamallach. Fiú anseo braithim go bhfuil ballaí ar gach uile thaobh timpeall orm. An spéir bhán trom lastuas, an talamh fliuch liath laistíos.

Tá Seán ag gáire faoi rud éigin. Ní deirim aon rud. Déanaim iarracht meangadh beag gáire a dhéanamh. Isteach, a dó, a trí, a ceathair. Amach, a dó, a trí, a ceathair.

Leathshlí suas an staighre agus tugaim faoi deara na lanna ag rothlú. Tapa, níos tapa, níos tapa. Ag rothlú go suaimhneach. Rud éigin nach bhfuil ag bogadh agus rud éigin ag bogadh rósciobtha don tsúil dhaonna. Rothlaíonn an domhan go rósciobtha. Bímid ag rith thiar ’s aniar gan bogadh leathorlach ón áit ina bhfuilimid.

Ar an eitleán, athraíonn gach rud go tobann. Nílim ag cur allais a thuilleadh agus tá sé éasca anáil a tharraingt. Tosaím ag gáire.

“Ag tnúth go mór leis an bhFrainc?” arsa an píolóta ag breathnú orm ón suíochán agus é ag gáire freisin.

“Ní bheidh tú ansin ach cúpla uair an chloig, a Eibhlín,” a deir Seán. Tá sé ag gáire ach tá rud éigin ait faoin mbealach a bhfuil sé ag stánadh orm lena shúile glasa. “Agus ansin ar ais go dtí an tír is áille ar domhan.”

“Ní bheidh,” a fhreagraím, ach níl aon duine ag éisteacht, tá Seán ag rá rud éigin leis an bpíolóta faoi chúrsaí peile. Tagann na paisinéirí aníos an staighre agus isteach san eitleán, ach níl mé ag féachaint orthu, táim ag féachaint amach ar an bhfuinneog.

Smaoiním faoi Éirinn. Na maidineacha gearra. Na tráthnónta fada. Na hoícheanta gan réaltaí. Gach mí. Gach lá. Gach uair.

Áit nua. Daoine nua. Mise nua. Aon rud, ó a dhiabhail, aon rud nua. Nílim in ann leanúint ar aghaidh gan aon rud nua mar seo.

Tosaíonn leanbh ag caoineadh. Osclaíonn déagóir paicéad criospaí. Blaisim salann agus cuirim mo mhéar suas go dtí m’aghaidh. Táim ag caoineadh. Taobh amuigh den fhuinneog, tá dath gormghlas. Meascann an talamh agus an fharraige le chéile, mar a bheadh péintéireacht theibí, gan bhrí ná údar.

Tamall beag anois. Beirim greim ar rud éigin, aon rud. Ní mór an feitheamh anois. Fiacla, dorn ’s súile druidte. Isteach… Amach… Isteach…

Amach…

Amach.

Buaiteoir, 2ú Duais

Déaglitríocht