Thug mé cuairt ar áit gan réalt
múchadh an solas mór dalltach
a tharraing mé anuas
go domhan mínádúrtha

Tá spideog bheag ag eitilt
thar imeall na haille
tá na sióga ag rince sa choill
ag lorg leannáin nua

Ansin, tagann an madra rua
glic agus tapaidh
tá ocras air
is blas na cumhachta ina bhéal

Tosaím ar an tóraíocht fhada
dúshláin ag fanacht liom
glacaim leo go fonnmhar
mo shúile ar oscailt

Buaiteoir, 2ú Duais

Filíocht