Is mór an gliondar atá orainn Scáthán 2017 a fhoilsiú do phobal Gaeilge DCU, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, 40 bliain tar éis don chéad eagrán teacht ar an saol i gColáiste Phádraig sa bhliain 1977. Tá oidhreacht na hirise agus an Choláiste á gceiliúradh san eagrán nua, mar aon le scéalta, dánta, agallaimh agus altanna de gach sórt, ó mhic léinn, ó bhaill foirne an lae inniu agus ó iar-mhic léinn. Tá saothar le 20 mac léinn san iomlán le feiceáil ar www.scathan.ie; ina measc, tá deichniúr a bhuaigh duaiseanna sa chomórtas scríbhneoireachta a bhí ann don iris.

Obair bliana a rinne coiste Scáthán 2017 chuige seo: breis is fiche cruinniú, na céadta ríomhphostanna agus glaonna, plé agus machnamh ar an dearadh, agus obair mhór eagarthóireachta agus profála. I mí an Mhárta 2016 a tionóladh an chéad chruinniú, go luath tar éis dom tosú ar mo thréimhse bliana mar Scríbhneoir Cónaithe na Gaeilge. Ba é Uáitéar Mac Gearailt, a bhí ina Cheann Scoile ar Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig ag an am, a mhol dom tabhairt faoin tionscadal, agus táimid uile buíoch de as an moladh sin. Thoiligh beirt léachtóirí teacht ar an gcoiste liom an uair sin, Caoimhe Nic Lochlainn agus Caitríona Ní Chléirchín (a bhí ina heagarthóir ar Scáthán 2014); bhí Aodán Ó Gallchóir, mac léinn máistreachta san oideachas, páirteach linn ó thús sheimeastar an fhómhair; agus rinne John Woods, teagascóir, an-chion oibre le linn na heagarthóireachta. Fuaireamar cúnamh den scoth freisin ó mhic léinn sa Chumann Gaelach, go háirithe Caoimhe Ní Chonghaile, Emmeline Ní Mháille agus Criostíona Ní Láimhín. Chuir sárobair an dearthóra, Ronan Doherty, ar ár gcumas iris shnasta, ildaite, ilghnéitheach a fhoilsiú ar líne agus mar leagan clóite freisin.

Le dua, allas agus samhlaíocht a fhoilsítear iris ollscoile, más ea, agus feictear dom féin go bhfuil dúshláin ar leith ag baint leis sin sa lá inniu. Bíonn brú seasta ar na mic léinn ag na cláir staidéir, na tionscadail agus na scrúduithe a bhíonn le déanamh acu gach seimeastar, mar aon leis na postanna páirtaimseartha a ghlacann líon mór acu ionas gur féidir leo íoc as a gcúrsaí staidéir agus as costais lóistín agus maireachtála. Bíonn mórbhrú leanúnach ar bhaill foirne freisin ag a gcúraimí teagaisc, ceartúcháin, riaracháin agus taighde. Agus mé ar imeall an tsaoil acadúil mar Scríbhneoir Cónaithe, sílim gur fiú ceist níos leithne a thógáil faoi chultúr na n-institiúidí tríú leibhéal uile in Éirinn agus i gcéin, an bhfuil dóthain spáis fágtha inniu don chruthaitheacht, don smaoineamh gan choinne agus don tsaoirse intinne saor ó shíorchomhlíonadh tascanna?

Tá gach súil againn go léiríonn Scáthán 2017 na buanna móra a bhaineann le cothú na cruthaitheachta, chomh maith leis an réimse spreagúil imeachtaí agus éachtaí atá ar bun i measc phobal na Gaeilge san Ollscoil. Tá coiste na hirise fíorbhuíoch de Chiarán Mac Murchaidh, Ceann Scoile Fiontar agus Scoil na Gaeilge, a chinntigh maoiniú fónta don obair; d'Uachtarán Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Brian MacCraith, a labhair go han-tacúil ag ócáid seolta Scáthán 2017; de na mic léinn, na hiar-mhic léinn, na baill foirne agus na hiar-bhaill foirne go léir a chuir a gcuid leis an iris i mbliana agus sna blianta atá caite; agus de na foilsitheoirí a rinne urraíocht ar dhuaiseanna an chomórtais agus a ghlac páirt san ócáid seolta.

Tá an suíomh idirlín ann anois ag www.scathan.ie, agus gach deis ann tógáil air sa todhchaí; agus b'fhiú freisin seaneagráin na hirise a chur ar fáil i riocht digithe ar an suíomh. Tá bunús láidir ann cheana le pleanáil do chomórtas scríbhneoireachta do Scáthán 2018: bhí foilsitheoirí Gaeilge sásta duaiseanna a bhronnadh an uair seo nár ghlacamar lena dtairiscintí ar deireadh, ach súil againn sin a dhéanamh amach anseo. Níl le déanamh anois ach coiste 2018 a bhunú!


Anna Heussaff, Scríbhneoir Cónaithe na Gaeilge (thar ceann choiste Scáthán 2017)