Réamhrá
Is cuimhin liom mo chéad cheamara a fháil don Nollaig agus mé trí bliana déag d'aois. Bhí mé ar bís agus ón uair sin ar aghaidh, is mise a ghlac grianghrafanna an teaghlaigh agus muid ar laethanta saoire nó ag ceiliúradh ócáidí. Agus roimhe sin féin, bhí cinecheamara ag mo thuismitheoirí agus is maith liom anois go gcuimhním ar an tréimhse sin roimh ré dhigiteach na grianghrafadóireachta.
Tháinig fás ollmhór ar mo phaisean don ghriangrafadóireacht agus mé sna blianta deiridh ar an meánscoil. Faoiseamh ab ea é ón staidéar, dul amach ar shiúlóid i nDún na nGall álainn. Cheannaigh mé mo chéad cheamara socair digiteach SLR tar éis dom na triailscrúdaithe a chríochnú don Ardteist. Nuair a tháinig mé ar an ollscoil, chláraigh mé leis an gCumann Griangrafadóireachta, Fotosoc, níos túisce ná aon chlub eile. I mbliana tá mé i mo Chathaoirleach ar Fotosoc agus mé ag síorfhoghlaim ó mo chairde sa chlub conas feabhsú mar ghrianghrafadóir. Le déanaí fuair mé sean-cinecheamara Canon agus is aoibhinn liom an próiseas a bhaineann leis agus gan fios a bheith agam go dtí go réalaítear na pictiúir cén chuma atá orthu.
Is breá liom a bheith ag taisteal ar fud na hEorpa agus mo cheamara liom. Ach is í Éire mo thinteán agus níl aon tinteán is fearr ná is áille ná í, ó thaobh na bpictiúr de. Chur mé tús le blag dar teideal 'My Captured Moments' agus is breá liom mo chuid griangraf a roinnt ar líne agus iad le feiceáil ar fud an domhain. Féach www.mycapturedmomentsblog.blogspot.ie.