Bunaíodh Cumann Gaelach úrnua in DCU i mbliana nuair a tháinig Cumann Gaelach Choláiste Phádraig agus Cumann Gaelach DCU le chéile i mí Mheán Fómhair. Agus is fíor a rá go raibh seimeastar den scoth againn go dtí seo!

Is é príomhaidhm an chumainn ná an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na hollscoile agus is léir na hiarrachtaí uilig atá déanta againn chuige seo le cúpla mí anuas. Seoladh an seomra caidrimh nua ar Champas Phádraig ag tús mhí Mheán Fómhair agus baintear an-úsáid as. Chuile Mháirt, bíonn ‘Tae agus Plé’ ar siúl ann agus cuirtear fáilte roimh chuile dhuine teacht agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh in atmaisféar dearfach, beomhar, Gaelach. Ar champas Ghlas Naíon, bíonn a leithéid ar siúl ar an gCéadaoin, ócáid sheachtainiúil darb ainm ‘Club Comhrá’. Brioscaí, tae, caifé agus craic saor in aisce Dé Máirt agus Dé Céadaoin! Céard eile a bheadh uait le labhairt as Gaeilge?!

Bhuel, mar fhreagra ar an gceist sin­—Oireachtas na Samhna! Bhí os cionn 50 duine de mhuintir DCU ann agus an chraic thar barr. Oíche Aoine agus oíche Shathairn a bhíomar ann agus an-taitneamh á bhaint againn as an gcomhluadar! Ceol agus ól trí mheán na Gaeilge chomh maith le buachaillí agus cailíní ó Chumainn Ghaelacha i gcéin. An féidir le rudaí a bheith níos fearr?!

Ghlac an cumann páirt i bhfeachtais de chuid Chonradh na Gaeilge freisin. I gcás ‘Comhrá ’16’, d’fhanamar inár suí ar feadh na hoíche ag comhrá, ag imirt cluichí agus ag déanamh iarrachta gan titim inár gcodladh os comhair an ríomhaire ghlúine! Agus is éard a bhí i gceist le ‘Gaeilge 24’ ná an dúshlán a thabhairt do dhaoine t-léine a chaitheamh a raibh ‘Labhair Gaeilge liom inniu’ scríofa air agus ansin Gaeilge amháin a labhairt an lá ar fad—24 uair an chloig mar a bhí sa teideal. Chonacthas go leor t-léinte ar an dá champas agus bhí ‘Tae agus Plé’ speisialta ar siúl an lá sin. Anuas air sin, san oíche bhí seisiún ceoil sa Chat & Cage agus ar aghaidh linn as sin go dtí Club Chonradh na Gaeilge, áit ar bhuail muid le lucht na gcoláistí eile a bhí á dhéanamh.

Rud eile a reáchtáil an cumann ná ranganna Gaeilge d’fhoghlaimeoirí sa chéad sheimeastar. Bhí suim mhór ag muintir Ghlas Naíon iontu, go háirithe mic léinn Erasmus. Beidh ranganna Gaeilge ag tosú ar Champas Phádraig sa chéad sheimeastar eile ag díriú ar iarratasóirí MGO (Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas).

Ag deireadh an tseimeastair bhí Féile na Nollag DCU ar siúl ar Champas Phádraig. Ar an Luan, thosaíomar le hócáid ‘An rud is fearr liom faoin Nollaig ná…’. Scríobh muintir an choláiste an rud ab fhearr leo faoin Nollaig ar nóta post-it, ansin bhí crannchur ann agus duaiseanna le buachaint do na freagraí ab fhearr. Ar an Máirt bhí ‘Pióga agus Plé’ ar siúl in áit ‘Tae agus Plé’, le ceol na Nollag, pióga, seacláid agus fiú amháin Daidí na Nollag! Críochnaíodh an fhéile le Balla na Gaeilge ar an Déardaoin. Scríobh daoine teachtaireachtaí Nollag ar an mballa os comhair Java. B’iontach an rud é le hatmaisféar Nollag a chruthú timpeall an choláiste.

Céard atá i ndán don chumann an chéad sheimeastar eile? Beidh go leor imeachtaí ar siúl ar nós ‘Pop-up Gaeltacht’, ranganna Gaeilge, dátaí dalla dátheangacha, comórtas peile cúigear an taobh, ‘Bean an Tí sa Chistin’, ‘Tae agus Plé’ agus ‘Club Comhrá’. Chomh maith leis sin, tá an tseachtain is fearr i saol na Gaeilge ag druidim linn go luath, Seachtain na Gaeilge, ina mbeidh aoichainteoirí, céilithe agus imeachtaí eile ar siúl do lucht na hollscoile. Chomh maith leis sin, tá caint ar chuairt ón mbanna ceoil cáiliúil ‘Seo Linn’… Ní bheidh díomá oraibh le Cumann Gaelach DCU, tá an méid sin fíor!