Ceoltóir, cumadóir, damhsóir, aisteoir, Gaeilgeoir, agus i gceann bliana nó mar sin, múinteoir. Sin agaibh cúpla bealach le cur síos a dhéanamh ar an mac léinn máistreachta Colm Ó Foghlú—agus ní liosta cuimsitheach fós é! Nuair a bhí tuirse an chéad sheimeastair ag breith ar mhic léinn eile ag deireadh mhí na Samhna, bhí Colm ag réiteach don léiriú sa Cheoláras Náisiúnta ar dhá cheann dá shaothair, The Star of Bethlehem agus Island Lullaby.

Ó bheith ag comhrá ar an bhfón leis tráthnóna geimhridh amháin tar éis na Nollag, d’fhoghlaim mé faoi na saothair a thuill ardán náisiúnta agus idirnáisiúnta dó—Echoing, Gaelforce Dance agus Ceol ar Snámh ón Spéir Anuas ina measc—agus mar a tháinig gnéithe éagsúla dá shaol le chéile agus é á gcruthú. D’fhoghlaim mé faoi na cúinsí ar leith a theastaíonn uaidh le dul i mbun cumadóireachta, na daoine a chuaigh i gcion air, na héachtaí pearsanta a chuireann an bród is mó air, agus ar ndóigh an cúlra agus an taithí a chabhraigh leis an rath atá anois air a bhaint amach.

Agus é an-óg, ba léir go raibh scoth an cheoil i mbuachaill Bhaile an Bhláinséara cé nach raibh ceol ar bith sa bhaile. Nuair a bhí sé sna bunranganna i Scoil Oilibhéir, dúradh lena mháthair, arb as Carna i nGaeltacht Chonamara ó dhúchas í, go raibh luí aige leis an bhfeadóg stáin agus gurbh fhiú é a chur chuig ceachtanna feadóige. Go dtí an lá inniu, ’sí an fheadóg D íseal an uirlis is fearr leis a sheinm.

D’fhreastail Colm ar ranganna amhránaíochta agus pianó le hAcadamh Ríoga an Cheoil freisin agus é óg. Thug mé suntas don méid a dúirt sé faoi sin, nach seinneadh sé na píosaí díreach de réir an scóir agus é á gcleachtadh, ach é go seasta ag baint spraoi astu, ag cur meascán nótaí agus cordaí leo a cheap sé féin a d’oirfeadh dóibh. Is dóigh gurbh é sin an chéad chomhartha go raibh féith na cumadóireachta ann! Ní raibh sé buartha faoina scrúduithe riamh, a dúirt sé, cé gur éirigh leis grád a hocht a bhaint amach. De bharr a chuid tallainne ar an uirlis, d’éirigh leis áit a thuilleamh sa tsraith ‘Inspiring Composers’ san Irish Times sa bhliain 1990 agus gan é ach sé bliana déag d’aois.  

Suanscéal
Suanscéal: Póstaer do ghearrscannán a scríobh agus a stiúraigh Colm Ó Foghlú sa bhliain 2013

Níorbh é sin amháin a bhí ar siúl i saol Choilm ag an aois sin. Bhí sé ina mhac léinn i gColáiste Mhuire ar Chearnóg Pharnell agus cinntí móra le déanamh aige maidir lena thodhchaí agus leis an dá phaisean ba mhó ina shaol, ceol agus damhsa. Bhí an damhsa i gcónaí ina chuid mhór dá shaol freisin ó thug an múinteoir damhsa Bean Uí Shé (duine de mhuintir Uí Shé a bhí ar an gcéad dream le Riverdance a dhéanamh) cuairt ar Scoil Oilibhéir agus gur thug faoi ndeara go raibh bua an rince Ghaelaigh sna cosa aige. I ndeireadh thiar, shocraigh sé na bróga damhsa a chrochadh, cinneadh a thug chomh fada leis an mBaitsiléar sa Cheol in Ollscoil Chorcaí é.

Thíos i gCorcaigh casadh an léachtóir agus an ceoltóir Mícheál Ó Súilleabháin air. Ba ghnáth leis an Súilleabhánach ceol traidisiúnta na hÉireann agus ceol clasaiceach a nascadh le chéile le píosaí nua ceoil a chumadh. Thug an teicníc seo inspioráid do Cholm dá thodhchaí cumadóireachta féin, rud a léirítear go soiléir in Ceol ar Snámh ón Spéir Anuas, leagan Gaeilge de Star of Bethleham, ina mbaineann sé úsáid álainn as an gconsairtín.

Go gairid i ndiaidh dó a chéim a chríochnú in Ollscoil Chorcaí thug sé féin agus cúpla cara leis aghaidh ar Sydney na hAstráile ar feadh bliana. Más ag cuardach treo agus brí dó féin a bhí Colm, d’éirigh leis neart a aimsiú thall. Bhí sé ‘san áit cheart ag an am ceart’ tráthnóna amháin i dteach tábhairne ina raibh grúpa darbh ainm Gaelforce ag seinm. Bhí eolas ag fear ceannais an ghrúpa ar Echoing, ceann de dhlúthdhioscaí Choilm, agus d’iarr sé air ceol nua a chumadh dóibh. Thapaigh Colm an deis agus socraíodh damhsóirí a earcú le beocht fheiceálach a thabhairt don cheol nua. B’as sin a d’fhás an seó Gaelforce Dance (1996), a chonaic ceithre mhilliún duine le linn dóibh taisteal ar fud na cruinne leis.

Pitch Perfect
Colm ag obair le cór na sraithe Pitch Perfect do TG4 sa bhliain 2011

Nuair a d’fhiafraigh mé de Cholm cén fáth gur cheap sé go raibh an rath seo ar Gaelforce Dance, luaigh sé cáil Riverdance ag an am, idirnáisiúnachas an damhsa agus an tslí gur seó níos pearsanta agus níos idirghníomhaí a bhí ann ná ceolchoirm chlasaiceach. Bhí an deis ag an slua bualadh bos a dhéanamh idir na míreanna, mar shampla.

Bhí spéis agam ansin, ar ndóigh, a chloisteáil faoi na cúinsí a theastaíonn uaidh le cumadóireacht ar chaighdeán chomh hard a dhéanamh. Thug sé freagra suimiúil agus soiléir dom: díreach mar a theastaíonn smaoineamh ó scríbhneoirí sula dtosaíonn siad ag scríobh, teastaíonn scéal ó Cholm sula dtosaíonn sé ag cumadh. Ní leor gléas ceoil a roghnú agus dul uaidh sin! B’fhéidir nach é modh oibre chuile chumadóra é ach is cinnte go n-éiríonn leis agus na hAifrinn, na horatóirí agus na ceoldrámaí uilig atá scríofa ag Colm.

Tugann an léargas seo chomh fada lena mháistreacht sa drámaíocht muid, rud a thuill sé ón gColáiste Ollscoile, BÁC. Gan dabht, chabhraigh an chéim seo leis a leagan álainn ceolmhar féin de dhráma Phádraig Mhic Phiarais, Eoghainín na nÉan, a chur le chéile. Daoine fásta a bhí ag aisteoireacht sa dráma ach tháinig páistí, déagóirí agus daoine fásta araon chun é a fheiceáil. Dar le Colm, is é an t-éacht is mó é a bhain sé amach toisc gur éirigh leis na gnéithe éagsúla ealaíne dá shaol a tharraingt le chéile agus é ag comhoibriú le daoine eile chun dráma Gaeilge a bhfuil ardmheas aige air a chur ar stáitse.

Colm agus Noreen O'Donoghue
Colm ag seinm in éineacht leis an gcláirseoir Noreen O'Donoghue

Chaith Colm sealanna tar éis na máistreachta sin i mbun guthú a dhéanamh do chláracha páistí ar TG4. Bhíodh sé ag obair freisin le cóir scoileanna a chuir a chuid saothar ar siúl. Is i ngeall ar an sult a bhain sé as an obair sin a bheartaigh sé ar an máistreacht san oideachas bunscoile. Nuair a d’fhiafraigh mé de cén fáth nár roghnaigh sé dul ag múineadh ceoil i meánscoileanna ó tharla céim B.Mus. a bheith aige, labhair sé faoi na míbhuntáistí a fheiceann sé sa gcóras meánscoile, áit a mbíonn aird na scoláirí dírithe go mór ar thorthaí scrúduithe agus ar thorthaí scrúduithe amháin. Is fearr leis an tslí go bhfoghlaimíonn páistí bunscoile go neamhchomhfhiosach trí chluichí agus gníomhaíochtaí eile.

B’éigean dom freisin a fháil amach cén fáth gur roghnaigh sé dul le múinteoireacht ag an tráth seo dá shaol tar éis dó a bheith ag cumadóireacht, ag stiúradh, ag aisteoireacht agus ag láithreoireacht ar an teilifís le daoine móra le rá i saol na ndán in Éirinn agus thar lear. Dúirt Colm go dtaitníonn sé leis eolas cuimsitheach a fháil ar na gnéithe éagsúla dá shaol, agus go bhfuil an obair le páistí ar cheann de na gnéithe seo. Agus luaigh sé go mbeadh sé go deas a bheith in ann dul ag obair ar thionscadail cheoil, drámaíochta agus eile gan a bheith ag fanacht ar an gComhairle Ealaíon an t-airgead a sholáthar i dtosach!

Tá sé ag dréim anois le críoch na scrúduithe agus le socrúchán scoile an dara seimeastar ach amach anseo ba mhaith leis áis cheoil agus drámaíochta trí Ghaeilge a chur le chéile do mhúinteoirí bunscoile. Más fíor gach a ndúirt sé thuas níl amhras ar bith ach go n-éireoidh leis!