Ar an 3ú lá de Bhealtaine 2016 a sheol an tOllamh Alan Titley an dlúthdhiosca Caithréim: Ceol agus Amhráin ó Dhrámaí an Phiarsaigh atá cóirithe agus curtha i láthair ag Síle Denvir. Cothrom an lae chéanna 100 bliain ó shin a cuireadh Pádraic Mac Piarais chun báis. Fuair an slua mór ag an ócáid seolta blaiseadh den áilleacht agus den saibhreas ceoil atá le cloisteáil ar an dlúthdhiosca sainiúil seo ag an gceolchoirm a chuir Síle agus a comhghleacaithe ceoil Thomas Johnston, Aoife Ní Argáin, Éadaoin Ní Mhaicín, Síomha Mulligan agus Claire Dolan ar siúl lena linn, a rinne ceiliúradh ar shaol cultúrtha an Phiarsaigh.

Idir na blianta 1909 agus 1916 scríobh Pádraic Mac Piarais drámaí i nGaeilge agus i mBéarla. Tá ceol agus amhráin luaite i nach mór chuile dhráma a scríobh sé agus is léir go raibh an ceol fíorthábhachtach ina chur chuige cruthaitheach agus é ag scríobh agus ag léiriú na ndrámaí seo. Cé go ndeirtear faoin bPiarsach nach raibh bua an cheoil aige féin, tá sé ríshoiléir sna drámaí gur thuig sé cumhacht agus tionchar an cheoil ar an lucht féachana.

Bhí dlúthbhaint ag an bPiarsach le Conradh na Gaeilge agus leis an Oireachtas, rud a spreag a shuim sa mbéaloideas agus sna hamhráin Ghaeilge. Chuala sé a aintín Margaret ag gabháil fhoinn i nGaeilge agus i mBéarla ina óige agus bhí suim aige i mbailiú agus i bhfoilsiú amhrán freisin. Tá amhráin a bhailigh sé i gConamara le cloisteáil ar an dlúthdhiosca, mar shampla ‘Caoineadh Mhuire’, amhrán ar bhain sé úsáid as don léiriú ‘An Pháis’ a stáitsíodh in Amharclann na Mainistreach i mí Aibreáin 1911, agus ‘An Draighneán Donn’ a luaitear sa dráma ‘Eoghan Gabha’ ina measc. Tá amhráin a chum an Piarsach féin lena chomhghleacaí ceolmhar Tomás Mac Domhnaill, ‘An Chaithréim’ agus ‘Óró mo Bháidín’, le cloisteáil ar an dlúthdhiosca freisin.

Seoladh Caithréim
Síle ag ócáid seolta Caithréim, Bealtaine 2016

Bhuaigh Caithréim gradam Albam na Bliana ag Gradaim Cheoil Nós 2017 agus ainmníodh é ar an ngearrliosta d'albam traidisiúnta na bliana 2016 a bhronnann The Ticket/an Irish Times. Tá Caithréim le fáil ar shuíomh Chló Iar-Chonnacht, www.cic.ie, a d'fhoilsigh an dlúthdhiosca.