Mise an Cáca Nollag
i lár an bhoird
ag fanacht ar an mbás

Mise an Cáca Nollag
lán le torthaí milse
san atmaisféar sona

Mise an Cáca Nollag
ag cur allais i lár stáitse
gach súil ormsa

Mise an Cáca Nollag
táim réidh
seo chugam an scian.