An bháisteach ag teacht
anuas, anuas, anuas.

Chodail mé
chun faoiseamh a fháil.

Nuair a dhúisigh mé,
d’fhéach mé amach an fhuinneog:

dearg, oráiste, buí,
glas, gorm, corcra.

Draíocht ag lonradh
thuas sa spéir.