Bí id’ aingeal dom, faram de shíor,
Mar ghrian agus gealach i gcónaí bí tharam.
Bí id’ lóchrann dom, geal agus fíor,
Is faoi mar a shroicheann na tonnta an trá,
Braithimse i gcónaí sólás do ghrá,
Díbir led’ sciathán gach baol,
Treoraigh led’ sholas mo shaol.

Lá i ndiaidh lae is ó oíche go maidin,
Treoraigh is cosain mé gach áit a mbím.
I ngar nó i gcéin, i gcónaí ’mo theannta,
Gach coiscéim a thógaim bí liom ar an tslí.

Duibhe ag titim, an lá ina luí,
Las dom na réalta, mo bhealach a ghealú,
Slán i mo shuan i bhfearann na sí
Is faoi mar a shroicheann na tonnta an trá,
Go bhfaire tú orm go dtiocfaidh an lá,
Díbir led’ sciathán gach baol,
Treoraigh led’ sholas mo shaol.

Buaiteoir, 1ú Duais

Filíocht