Ding dong, dhúisigh guth dian an láithreora an cailín óg leochaileach a bhí brúite ina cnap ar chathaoir faoin gcallaire. Bhreathnaigh sí timpeall go míshuaimhneach agus chroith sí a ceann. Ar éigean a chreid sí go raibh sí chomh hamaideach sin dul a chodladh in áit chomh gnóthach le hAerfort Gatwick agus í ina haonar. Rinne sí a slí go geata a naoi go tuisleach agus mearbhall uirthi. Lá fada a bhí ann. Dhúisigh sí ag a cúig an mhaidin sin agus í tuirseach traochta leis an easpa codlata. Chuir sí uirthi na héadaí ba chompordaí sa chófra; rinne sí ceapaire go sciobtha; rug sí ar a cóta agus bhrostaigh sí amach an doras chun léim isteach sa hacnaí áitiúil a bhí ag fanacht uirthi.

Smaoinigh sí ar an turas sin óna baile tuaithe go Leitir Ceanainn, agus as sin ar an mbus go hAerfort Bhaile Átha Cliath. Seacht n-uaire dhéag an chloig ó shin, b’in uile, ach bhraith an cailín óg go raibh an t-am sin na blianta ó shin agus í ag breathnú siar ar na heachtraí ar fad a tharla idir an dá linn. Bhí uirthi an t-aistear gearr thar Mhuir Éireann a dhéanamh chun dul faoi scian…rud nach raibh sí in ann a dhéanamh ina tír dhúchais, beag beann ar an leithscéal a bhí aici. Gan spraoi ar bith ag baint le turas mar sin, go háirithe ina haonar.

Ach bhí sí cleachtaithe leis an modh maireachtála sin, thaistil sí an domhan mór ina haonar… cuid den chúis go raibh sí i bponc ceart anois. “B’fhéidir,” a cheap sí agus í ag bordáil, “dá ligfinn do dhuine teacht liom ní bheadh an drochdhóigh seo orm.” Ach bhí sé ródhéanach don aiféala anois…cailín óg soineanta ba ea í agus bíonn daoine i gcónaí ag fanacht chun lántairbhe a bhaint as a leithéid. Bhrúigh sé é féin uirthi agus ní raibh inti ach íospartach neamhchiontach, an cailín bocht. Chuaigh a ceann ar lánluas ag smaoineamh ar a saol ar fad agus í ag fáil a suíocháin ag bun an eitleáin.

Cuimhní na hóige; a taisteal ar fud an domhain; a cinntí go dtí seo… féidearthachtaí saoil a linbh thabhartha atá imithe anois.