Ceann de na bealaí is éifeachtaí do theangacha chun a saol a shaibhrú ná tairseach a ndorais féin a thrasnú agus teangmháil a dhéanamh le teangacha agus cultúir eile sa domhan mór. Le déanaí, tá imeachtaí ag tarlú a neartaíonn an ceangal atá idir an Ghaeilge agus an tSeicis, teanga Shlavach as ceartlár na hEorpa—dála an scéil an t-aon teanga Eorpach a bhfaightear fuaim chosúil le ‘r’ caol na Gaeilge inti! Ní hí an fhoghraíocht is cúis leis an nasc, áfach, ach bunús stairiúil agus díograis daoine ar leith.

I 1629, bhunaigh Proinsiasaigh Éireannacha coláiste i bPrág, an ceann is mó de na hinstitiúidí oideachais ar chuir siad tús leo tar éis don bhanríon Éilís I iad a dhíbirt ó Éirinn. Ach de réir na bhfoinsí stairúla atá ar fáil, ba dheacair do na húdaráis eaglasta na manaigh i bPrág a choinneáil ón drabhlás—is dócha go raibh cáil mhór na beorach ar an gcathair fiú sa 17ú haois. Dúnadh an coláiste i 1786 ach lean an dá thír de bhreathnú ar a chéile mar a bheadh scáthán ann. Sa chéad leath den 19ú haois, tharla athbheochan rathúil na teanga sna tíortha Seiceacha agus baill na gluaiseachta ag baint tinfidh as feachtais Dhónaill Uí Chonail in Éirinn ina gcuid iarrachtaí le níos mó neamhspeáchais a bhaint amach ó Impireacht na hOstaire. Ag tús an 20ú haois, ar an taobh eile de, ba iad athbheochanóirí na Gaeilge a d’fhéach ar chás na Seicise mar eiseamláir thábhachtach de ghluaiseacht teanga ar éirigh go seoigh léi.

An Coláiste Éireannach i bPrág
An Coláiste Éireannach i bPrág

Chuir ansmacht na gCumannach sa tSeicslóvaic bac ar na teangmhálacha suimiúla seo ar feadh tréimhse, ach chomh luath agus a cuireadh deireadh leis an gcóras úd i 1989, athmhúsclaíodh suim sna tíortha Seiceacha i gcúrsaí na hÉireann. Ba é Brian Ó hEithir (mac leis an údar agus iriseoir mór le rá, Breandán) a mhúin an Nua-Ghaeilge in Ollscoil Shéarlais i bPrág den chéad uair riamh ag tús na 1990dí, agus déantar an teanga a theagasc ansin ó shin i leith.

Agus seo linn go dtí an lá atá inniu ann. I mí Dheireadh Fómhair 2016, mar cheiliúradh ar na naisc bhisiúla seo, eagraíodh imeacht leis an teideal ‘Ó Bhaile Átha Cliath go Prág: Móroíche Litríochta na Gaeilge agus na Seicise’ mar chuid d’fhéile IMRAM. I measc an lucht féachana, bhí Ambasadóir Phoblacht na Seice in Éirinn, Hana Mottlová, Seicigh atá ag cur fúthu san ardchathair, chomh maith le daoine mór le rá i saol na Gaeilge. Ghlac an Dr Pádraig Ó Liatháin, a chaith roinnt blianta i bPrág ag múineadh na teanga, cúram fhear an tí air féin.

Éamon Ó Ciosáin
Éamon Ó Ciosáin mar Švejk i léiriú an dráma raidió le Breandán Ó hEithir

I gclár na hoíche, bhí béim ar na haistriúcháin éagsúla a rinneadh thar na blianta ó Ghaeilge go Seicis agus sa treo eile. Léiríodh radharc as dráma raidió bunaithe ar an úrscéal cáiliúil An Dea-Shaighdiúir Švejk le Jaroslav Hašek, a chóirigh Breandán Ó hEithir i 1986, sleachta as Cúirt an Mheán-Oíche, agus rogha fhilíocht chomhaimseartha Seicise agus Gaeilge a aistríodh sa dá threo. Fuair an lucht éisteachta blaiseadh beag d’aistriúchán Seicise ar Cré na Cille atá le foilsiú i mí an Mhárta 2017—ghlac na hamhránaithe Síle Denvir agus Kateřina García páirt Chaitríona Pháidín i gcomhrá amháin agus tharla ‘comórtas mallachtaí’, fiú, idir an dá theanga, bunaithe ar shliocht ina bhfuil an Máistir Mór ag tarraingt gach sórt mí-áidh ar Bhilleachaí an Phosta le teann éada. Bhí an méid sin go léir fite fuaite leis an gceol, atá mar chuid thábhachtach d’oidhreacht an dá thír. Cuireadh fuaim na cláirsí Éireannaí le hamhráin agus poirt thraidisiúnta na Seiceach agus chuir glór binn Kateřina Garcia draíocht ar na héisteoirí.

Ach ní hé sin deireadh an scéil go fóill! Cuirfear fearadh na fáilte roimh lucht na Gaeilge in Ollscoil Shéarlais i bPrág ag comhdháil a bheidh ar siúl ó 14–16 Meán Fómhair 2017. Is é an chiall atá leis an bhfocal ‘Prág’ ná ‘tairseach’, áit ar thrasnaítí an abhainn fadó ach freisin áit ‘idir eatarthu’ inar féidir siúl ó dhomhan amháin go domhan eile. Dá bhrí sin a roghnaíodh an téama ginearálta, '“Ar an Imeall i Lár an Domhain?”: An tairseachúlacht i litríocht agus i gcultúr na hÉireann agus na hEorpa’. Reachtálfar an chomhdháil go hiomlán trí Ghaeilge. Deis neamhghnách é seo gan amhras do scoláirí na Gaeilge a gcuid taighde a phlé i gcathair tharraingtheach thar lear i bhfad ó chúraimí an bhaile. Tá cuireadh glactha ag triúr scoláirí litríochta, an tOllamh Mícheál Mac Craith, an Dr Rióna Ní Fhrighil, agus an tOllamh Emeritus Alan Titley aoichaint a thabhairt. Beidh an file Nuala Ní Dhomhnaill ina haoi speisialta agus léifidh sí a cuid filíochta mar príomhchuid de mhórócáid chultúrtha i seomra ársa Barócach mhainistir Strahov in éineacht le Alan Titley agus na ceoltóirí Síle Denvir agus Kateřina García. Tá an ghairm ar pháipéir agus gach eolas eile ar fáil anseo.

Bíodh dóchas againn go rachaidh cultúir na Gaeilge agus na Seicise i neart agus i saibhreas de bharr na forbartha seo!

Ollscoil Shéarlais
Dámh na Fealsúnachta, Ollscoil Shéarlais, Prág