Is scríbhneoir, foilsitheoir agus múinteoir é Colmán Ó Raghallaigh. Bhí sé ina eagarthóir ar an gcéad eagrán riamh de Scáthán agus é ag freastal ar Choláiste Phádraig sna 1970idí.

Sa bhliain 1974 a tionscnaíodh an chéad chúrsa B.Oid i gColáiste Phádraig. Céim trí bliana a bhí ann agus cháiligh na chéad chéimithe ón gcoláiste i 1977. Ba le linn na tréimhse sin a tháinig bláthú mór ar imeachtaí Gaeilge agus ar Chumann Gaelach an choláiste, a raibh breis agus 150 ball cláraithe páirteach ann ag pointe amháin.

Tharla go raibh mé féin mar reachtaire ar an gCumann Gaelach ar feadh cuid den am sin agus is cuimhin liom go mbíodh coirmeacha ceoil, seimineáir, léachtaí, díospóireachtaí, céilithe agus go leor eile ar bun againn go rialta. Tháinig grúpaí ar nós Ceoltóirí Laighean agus na Chieftains le casadh san amharclann le linn Seachtain na Gaeilge.

Scáthán Eagrán 1

Is cuimhin liom freisin Pól Mac an Draoi, nach maireann, agus Jacinta Ní Bhriain ag teacht chun agallamh a dhéanamh liom i Mí Eanáir 1976 do nuachtán Gaeilge nua, Cumarsáid, a bhí le foilsiú ag na mic léinn iriseoireachta i gColáiste Tráchtála Ráth Maonais, mar a bhí ag an am. Bhí iontas orthu an oiread imeachtaí a bhí ar bun againn ach ba í staid na Gaeilge ba mhó a bhí ag dó na geirbe dóibh san agallamh.

Is deacair é a chreidiúint anois, b’fhéidir, ach bhí cáineadh mór á dhéanamh ar ‘dhroch-chaighdeán’ Gaeilge na múinteoirí óga a bhí faoi oiliúint i gColáiste Phádraig i lár na 1970idí. Seo a dúirt mé leo san agallamh a foilsíodh ar 26 Feabhra 1976: ‘Ní foláir don rialtas a dhualgas i leith na Gaeilge a chomhlíonadh ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an oideachais ach go háirithe. Ní féidir an fhírinne ná na fíricí a sheachaint as seo amach…’ Plus ça change, mar a deirtear!  

Bhí suim ar leith ag roinnt de na mic léinn san fhilíocht agus d’fhoilsigh an iris Comhar díolaim bheag le cuid acu i mí Márta 1976. B’in an uair a mhol Breandán Ó Conaire, a bhí ina léachtóir i Roinn na Gaeilge, go bhféachfaimis le hiris Ghaeilge dár gcuid féin a fhoilsiú. An fómhar sin socraíodh dul ar aghaidh le Scáthán, mar a tugadh air, agus ceapadh mise mar eagarthóir air. Thóg sé tamall orainn an t-ábhar a fháil isteach agus is sa leagan amach ba mhó a bhí an obair le déanamh. Thoiligh Breandan feidhmiú mar léitheoir profaí dúinn agus rinne sé obair na gcapall sa ghnó sin agus mar chomhairleoir ginearálta ó thús go deireadh.

Michael D. Ó hUiginn agus Colmán Ó Raghallaigh
Gradam Réics Carló 2013 do leabhair don aos óg á bhronnadh ag an Uachtarán, Micheál D. Ó hUiginn ar Cholmán Ó Raghallaigh, Cló Mhaigh Eo, don úrscéal grafach Gráinne Mhaol

Colmán Ó Raghallaigh agus Conchúr Ó Cróinín
Colmán (ar chlé) agus a chomheagarthóir ar Scáthán, Conchúr Ó Cróinín, sa bhliain 1977

Níorbh ann do na ríomhairí ag an am sin agus bunobair lámhscríofa ar fad a bhí i gceist. Murach Rhóda Uí Chonaire, a raibh ard-taithí aici ar a leithéid ina cuid oibre le Comhar, ní éireodh linn ar chor ar bith. Is cuimhin liom fós í féin agus foireann dínn i mbun oibre go deireanach san oíche i ‘Seomra a hAon’ ag iarraidh an gnó a chur i gcrích in am don chlódóir. Foilsíodh Scáthán ar deireadh in earrach na bliana 1977. Bhí ard-éileamh air agus chomh fada le mo chuimhne díoladh amach é taobh istigh d’achar gairid.

D’fhágamar Coláiste Phádraig go luath ina dhiaidh sin ach foilsíodh Scáthán bliain i ndiaidh bliana, rud a bhí ina ábhar mórtais dúinn go léir a raibh baint againn lena thosú: Conchúr Ó Cróinín a bhí ina chomheagarthóir liom; Joe Tulié a ghlac na grianghraif don iris; agus Finbar Keohane a rinne an clóscríobh.

Cuimhním go minic ar na laethanta sin agus ba ábhar mór bróin dom nuair a chuala mé gur cailleadh Rhóda Uí Chonaire i 2016, grásta Dé lena hanam. Murach í agus Breandán, ní dóigh liom go bhfeicfeadh Scáthán solas an lae go deo. 

Níor bheag sin.


Féach portráid agus beathaisnéis Cholmáin ar shuíomh Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Is é www.leabhar.com suíomh gréasáin Cló Mhaigh Eo.