Tháinig mé go Baile Átha Cliath le freastal ar Choláiste Phádraig sa bhliain 1979. Bhí cuairteanna seachtaine tugtha agam ar mo chol ceathracha sa chathair thar na blianta ach scéal eile ar fad a bhí ann maireachtáil i mBaile Átha Cliath. Bhí canúint láidir ar Bhéarla gach duine ag an am, canúint chomh tréan leis an gcaint bhreá a chloisimid inniu ag gaiscígh sin na rámhaíochta, na deartháireacha O’Donovan as an Sciobairín. Ní raibh an t-airgead agam filleadh abhaile go Contae Mhaigh Eo go rómhinic, agus bhí an turas traenach i bhfad níos moille ná mar atá anois.

Rud eile a bhí difriúil ón saol inniu ná go mbíodh sagairt agus mná rialta mar léachtóirí againn. Coláiste Caitliceach go maith a bhí i gColáiste Phádraig, agus sagart mar uachtarán air. Ní raibh rud ar bith aisteach faoi sin, dar linn—bhí cuid mhaith ban rialta mar mhúinteoirí agam ag an meánscoil i gCoillte Mach.

Roghnaigh mé Gaeilge agus Fraincis mar ábhair acadúla sa chéad bhliain—b’in an córas a bhí ann an uair sin. Tá cuimhne ach go háirithe agam ar an léachtóir a dtugadh muid Madame Murphy uirthi. Francach postúil ab ea í a raibh neart smaointe criticiúla aici faoi mhuintir na tíre seo, cé go raibh sí tar éis Éire a roghnú mar bhaile agus Éireannach a phósadh. Lá amháin agus muid ag plé ‘Civilisation’ na Fraince, mhínigh sí dúinn go raibh mná a tíre dúchais i bhfad níos gníomhaí i gcúrsaí spóirt ná mná na tíre seo. Cén fáth? Mar go mbíodh mná na hÉireann i gcónaí ag iompar clainne. Agus in ionad an stró a chur uirthi féin foghlaim cén chaoi le m’ainm a rá i gceart, bhaist sí ‘Taj’ orm. Tá cairde agam a bhí sa rang Fraincise sin i 1979 nár thug a dhath riamh orm ó shin ach Taj!

I bhfad roimh ré na scéime Erasmus, bhí ceangal ag Coláiste Phádraig le coláiste oideachais ar an Mór-Roinn, i Quimper na Briotáine (nó Kemper, mar atá sa Bhriotáinis). Tháinig grúpa mac léinn ó Quimper anall ar cuairt agus cé nár lean mé féin leis an bhFraincis sa dara bliain, chuir mo chairde sa rang in aithne dom iad. Bhí cáil mhór ar cheoltóir Briotánach, Alan Stivell, in Éirinn ag an am agus an-dúil agam ina chuid ceoil. Amhránaithe breátha a bhí i gcuid de mhic léinn Quimper agus d’éirigh cairdeas eadrainn, ceangal atá agam leis an mBriotáin go dtí an lá inniu.

Tadhg Mac Dhonnagáin
Tadhg agus daltaí scoile ag ócáid Futa Fata don leabhar Dialann Dúradáin, aistriúchán ar Diary of a Wimpy Kid (2016)

Duine eile a chuaigh i gcion go mór orm ná Eoin Butler, a bhí i mbun cúrsa ar mhúineadh na healaíne. Seachas duine ar bith i gColáiste Phádraig, chuaigh an tuiscint agus an grá a bhí aige do shamhlaíocht an pháiste i bhfeidhm go mór orm. Agus é ag caint lá ar na pictiúir a dhéanann páistí óga, bhí an míniú seo a leanas aige: ‘Ní grianghraf atá páiste ag iarraidh a dhéanamh nuair a tharraingíonn sé pictiúr ach mapa.’

Mise Raiftearaí an Fíodóir Focal an teideal ar an leabhar a scríobh mé faoin bhfile clúiteach ó mo cheantar féin a bhí gníomhach roimh bhlianta an Ghorta Mhóir. Chuir mé an-suim sa chúrsa ar Raiftearaí i gColáiste Phádraig, é curtha i láthair ag Ciarán Ó Coigligh, a chuir eagar ar shaothar an fhile. Amhránaí breá ab ea Ciarán agus bhí nós aige véarsa a rá anois is arís i lár léachta, le taispeáint dúinn gur don chluas a chum Raiftearaí a chuid véarsaíochta seachas don tsúil. Anois agus mé i mo chónaí i gConamara, i measc daoine a bhfuil na hamhráin sin acu ó na glúnta a chuaigh rompu, cuimhním fós ar an saibhriú a rinne Ciarán ar mo thuiscint ar an bhfile agus ar a shaothar mar shnáth beo i gcruthaitheacht na Gaeilge.

Ach ná bí ag ceapadh go raibh mé ar an mac léinn ba dhíograisí i gColáiste Phádraig le mo linn. Le fírinne, chaith me i bhfad an iomarca ama go fánach sa Chat and Cage trasna an bhóthair. Ach má chaith, chuaigh mo thréimhse i nDroim Conrach i gcion orm. De réir mar a imíonn na blianta, déantar dearmad ar ábhar na léachta, ach fanann cuimhne ar phearsantacht an léachtóra agus ar an gcaidreamh a chothaigh an duine sin leat. Inniu féin, nuair a ordaím leabhar a bhaineann le cúrsaí síceolaíochta ó Amazon, cuimhním ar an teacht i láthair fuinniúil a bhí ag an léachtóir Mark Morgan agus mar a chuir sé le mo spéis san ábhar sin. D’fhéadfainn an rud céanna a rá faoi léachtóirí go leor eile, agus ag cuimhneamh siar, airím gur caitheadh go caoin, cairdiúil, tuisceanach liom i gColáiste Phádraig.


Tá tuilleadh eolais faoi na leabhair do pháistí a fhoilsíonn Tadhg ar shuíomh Futa Fata.