Iris Ghaeilge DCU 2017

  1. Laochra Spóirt inár Measc

    Aidan Geraghty Agallaimh

    Brú, brú, brú de shíor. Léachtaí, staidéar, tionscadail, scrúduithe—agus fós tá mic léinn inár measc a bhfuil cáil orthu as éachtaí iontacha spóirt, ceoil nó imeachtaí eile a éilíonn a lán lán dua agus ama. Chas Aidan Geraghty le beirt de laochra spóirt na hollscoile, na peileadóirí iomráiteacha Ciarán Kilkenny agus Muireann Ní Scanaill.
  2. Máirín agus Máire: Comhrá agus Ceiliúradh

    Anna Heussaff Agallaimh

    Sa samhradh 2016, d’fhág beirt a bhí i gcroílár phobal na Gaeilge i gColáiste Phádraig slán lena bpostanna: an tOllamh Máirín Nic Eoin, a ceapadh ina léachtóir i Roinn na Gaeilge i 1981 agus a bhí ina Ceann Roinne ó 2008 go 2013; agus Máire Ní Uiginn, a bhí ina Riarthóir ar an roinn ó dheireadh na 1990idí i leith. Labhair Anna Heussaff leo do Scáthán.
  3. An Chéad Scáthán

    Colmán Ó Raghallaigh Oidhreacht

    Is scríbhneoir, foilsitheoir agus múinteoir é Colmán Ó Raghallaigh. Bhí sé ina eagarthóir ar an gcéad eagrán riamh de Scáthán agus é ag freastal ar Choláiste Phádraig sna 1970idí.
  4. Tríd an lionsa

    Deirbhile Ní Chathail Grianghraif

    Tugann Deirbhile Ní Chathail muid ar aistear súl san aiste ghrianghrafadóireachta seo.
  5. Céimeanna Ceolmhara: Agallamh le Colm Ó Foghlú

    Caoimhe Ní Chonghaile Agallaimh

    Ceoltóir, cumadóir, damhsóir, aisteoir, Gaeilgeoir, agus i gceann bliana nó mar sin, múinteoir. Sin agaibh cúpla bealach le cur síos a dhéanamh ar an mac léinn máistreachta Colm Ó Foghlú—agus ní liosta cuimsitheach fós é! Nuair a bhí tuirse an chéad sheimeastair ag breith ar mhic léinn eile ag deireadh mhí na Samhna, bhí Colm ag réiteach don léiriú sa Cheoláras Náisiúnta ar dhá cheann dá shaothair, The Star of Bethlehem agus Island Lullaby.
  6. Ráig

    Sarah Beth Henry Ficsean

  7. Baku Abú!

    Gearóidín Uí Laighléis I gCéin

    Coicís san Asarbaiseáin (Azerbaijan) i mí Mheán an Fhómhair 2016 ag Olympiad na Fichille. Foirne as breis is 170 tír ar domhan i láthair—agus duine de na mná ar fhoireann na hÉireann ná Gearóidín Uí Laighléis, léachtóir le Gaeilge in Fiontar & Scoil na Gaeilge. Thug sí cur síos do Scáthán ar an gcomórtas.
  8. Scoil Gheimhridh Merriman ar Champas Phádraig

    Deirdre Nic Mhathúna Ócáidí

    Tionóladh Scoil Gheimhridh Merriman 2016 ar Champas Phádraig, DCU, ó 29 go 31 Eanáir 2016. 'Sráideanna Naofa Átha Cliath' a bhí mar theideal ar an Scoil seo a dhein comóradh ar an dlúthbhaint a bhí ag an gcathair le hÉirí Amach na Cásca 1916 agus leis an Athbheochan. Ba chuid í an Scoil Gheimhridh den Chlár Comórtha Céad Bliain.
  9. Scáthán ar an Saol: An tAistriú go Campas na Naomh Uile

    Anna Heussaff Grianghraif

    I samhradh na bliana 2016 a réitíodh campas na Naomh Uile i nDroim Conrach don 'aistriú tí' a rinne baill foirne Fiontar & Scoil na Gaeilge agus scoileanna eile isteach sna hoifigí ar an láthair. Thiomsaigh Anna Heussaff cnuasach grianghraf le linn na tréimhse sin.
  10. Seoladh Scáthán 2017

    Grianghraif

    Sheol an tOllamh Brian Mac Craith, Uachtarán DCU, agus an t-iriseoir agus réalta teilifíse, Róisín O'Hara, Scáthán 2017 go hoifigiúil sa Seomra Caidrimh ar Champas Phádraig ar an 21 Feabhra 2017. Grianghraif le Seán Ó Mainnín, Tuairisc.ie.
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Is é Scáthán iris Ghaeilge Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) arna fhoilsiú ag Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU. Scoil is ea Fiontar & Scoil na Gaeilge i nDámh na nDaonnachtaí & na nEolaíochtaí Sóisialta, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ina ndéantar teagasc agus taighde idirdhisciplíneach trí mheán na Gaeilge.

Ríomhphost: iris.scathan@dcu.ie

  • Téacs & grianghraif © Na húdair & na grianghrafadóirí
  • Ábhar eile © Scáthán 2017
  • Réiteach teicniúil © Fiontar & Scoil na Gaeilge 2017

Ní gá gurb ionann na tuairimí a nochtar anseo agus tuairimí choiste eagarthóireachta Scáthán ná tuairimí aon bhaill foirne de chuid Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Scáthán

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag iris.scathan@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.