Laochra Spóirt inár Measc

Príomhíomhá an ailt

Aidan Geraghty / Agallaimh

Brú, brú, brú de shíor. Léachtaí, staidéar, tionscadail, scrúduithe—agus fós tá mic léinn inár measc a bhfuil cáil orthu as éachtaí iontacha spóirt, ceoil nó imeachtaí eile a éilíonn a lán lán dua agus ama. Chas Aidan Geraghty le beirt de laochra spóirt na hollscoile, na peileadóirí iomráiteacha Ciarán Kilkenny agus Muireann Ní Scanaill.

Máirín agus Máire: Comhrá agus Ceiliúradh

Máirín agus Máire le chéile

Anna Heussaff / Agallaimh

Sa samhradh 2016, d’fhág beirt a bhí i gcroílár phobal na Gaeilge i gColáiste Phádraig slán lena bpostanna: an tOllamh Máirín Nic Eoin, a ceapadh ina léachtóir i Roinn na Gaeilge i 1981 agus a bhí ina Ceann Roinne ó 2008 go 2013; agus Máire Ní Uiginn, a bhí ina Riarthóir ar an roinn ó dheireadh na 1990idí i leith. Labhair Anna Heussaff leo do Scáthán.

An Chéad Scáthán

Máirín agus Máire le chéile

Colmán Ó Raghallaigh / Oidhreacht

Is scríbhneoir, foilsitheoir agus múinteoir é Colmán Ó Raghallaigh. Bhí sé ina eagarthóir ar an gcéad eagrán riamh de Scáthán agus é ag freastal ar Choláiste Phádraig sna 1970idí.

1977 - 2017

Is é Scáthán iris Ghaeilge Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, á foilsiú ó 1977 i leith.

Léigh réamhrá le Ciarán Mac Murchaidh, eagarfhocal Anna Heussaff nó faigh tuilleadh eolais.

Tríd an lionsa

Grianghraf le Deirbhile Ní Chathail

Deirbhile Ní Chathail / Grianghraif

Tugann Deirbhile Ní Chathail muid ar aistear súl san aiste ghrianghrafadóireachta seo.

Céimeanna Ceolmhara: Agallamh le Colm Ó Foghlú

Léigh an t-alt seo

Caoimhe Ní Chonghaile / Agallaimh

Ceoltóir, cumadóir, damhsóir, aisteoir, Gaeilgeoir, agus i gceann bliana nó mar sin, múinteoir. Sin agaibh cúpla bealach le cur síos a dhéanamh ar an mac léinn máistreachta Colm Ó Foghlú—agus ní liosta cuimsitheach fós é!

Catagóirí

Is féidir na míreanna san eagrán seo a bhrabhsáil de réir catagóirí: